Skip to main navigation Skip to search Skip to main content

Na Gaeil agus Iriseoireacht na nGael san Airgintín ag deireadh na Naoú hAoise Déag agus ag tús na Fichiú hAoise

Research output: Contribution to a Journal (Peer & Non Peer)Articlepeer-review

Abstract

Chuaigh suas le 50,000 Éireannach go dtí an Airgintín sa tréimhse idir lár na naoú haoise déag agus an bhliain 1920. Luann Kelly (2009: 44) go raibh 36,800 duine a rugadh in Éirinn ag cur fúthu san Airgintín sa bhliain 1891. San alt seo pléitear roinnt de na foilseacháin a bhunaigh na hÉireannaigh seo ina dtír nua, go sonrach The Standard, The Southern Cross agus Fianna. Déantar beagán plé freisin ar thuairimí na nÉireannach san Airgintín i leith na Gaeilge agus i leith choincheap an náisiúin Éireannaigh – téamaí a bhí go mór i mbéal an phobail in Éirinn féin ag an am. Déanfar plé faoi leith ar William Bulfin, nó ‘Che BuonO' mar a thugtaí air, ar na deartháireacha Mulhall agus ar Patrick McManus, daoine a raibh baint thábhachtach acu le bunú agus le cur chun cinn an phreasa Éireannaigh-Airgintínigh sa tréimhse atá faoi chaibidil. Úsáidfear na foinsí iriseoireachta seo freisin le léargas a thabhairt ar mheon na nÉireannach i leith a dtíre nua agus ar cheisteanna féiniúlachta mar a bhain siad leo.
Original languageEnglish (Ireland)
JournalLéann Teanga: An Reiviú
Volume6
DOIs
Publication statusPublished - 1 May 2018

Fingerprint

Dive into the research topics of 'Na Gaeil agus Iriseoireacht na nGael san Airgintín ag deireadh na Naoú hAoise Déag agus ag tús na Fichiú hAoise'. Together they form a unique fingerprint.

Cite this