Skip to main navigation Skip to search Skip to main content

Guth á Thabhairt do Luath-Naomh Suntasach: Alt Léirmheasa ar Ceallach: Cín Lae Fíréin AD 590-620 (le Diarmuid Johnson) (Léirmheas)

  • Marie Whelton
  • Marino Institute of Education

Research output: Contribution to a Journal (Peer & Non Peer) › Article › peer-review

1 Downloads (Pure)

Abstract

Scéal Naomh Gallus (Ceallach) atá sa leabhar Ceallach: Cín Lae Fíréin AD 590-620 le Diarmuid Johnson. Bhí Naomh Gallus ar dhuine den ghrúpa manach a thaistil ó Mhainistir Bheannchair, Contae an Dúin, thar sáile agus ar fud na hEorpa faoi stiúir Naomh Columbanus sa 6ú céad ar mhisean soiscéalaíochta. Ag an am, bhí Mainistir Bheannchair ar cheann de na príomhionaid léinn in Éirinn (Flower, 1947: 13). Bhunaigh an grúpa manach mainistreacha in áiteanna atá lonnaithe in oirthear na Fraince agus i ndeisceart na Gearmáine sa lá atá inniu ann, agus a bhí lonnaithe ar imeallchríocha dainséaracha na Críostaíochta lena linn féin. Sa deireadh, scar Ceallach ó Cholumbanus agus d’fhan sé san Eilvéis, áit ar bhunaigh sé díseart san áit a dtugtar ‘St Gallen’ air ina ómós fós (Ó Fiaich, 1986: 25). I leabhar Dhiarmuid Johnson, faightear léiriú suaithinseach ar an turas fisiceach agus ar an turas spioradálta a rinne na manaigh. San alt léirmheasa seo féachfar go háirithe ar an tslí a dtugann seánra na dialainne ficsin (seánra an Chín Lae) guth iontaofa inchreidte do Cheallach agus ar an tslí a n-éiríonn le Johnson an guth sin a úsáid chun léargas úr dúchasach a thabhairt ar chomhthéacs seachtrach agus ar shaol inmheánach naoimh shuntasaigh.
Original languageIrish
Pages (from-to)137-144
Number of pages8
JournalAn Reiviú
Publication statusPublished - May 2026
Externally publishedYes

Keywords

  • Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Cite this