Skip to main navigation Skip to search Skip to main content

Deiseanna Saibhrithe Teanga tríd an Sinéistéise idir Míreanna Cartlainne faoin gCeantar Áitiúil

    Research output: Contribution to a Journal (Peer & Non Peer) › Article › peer-review

    1 Downloads (Pure)

    Abstract

    I réimse taighde Na Litearthachtaí Nua, aithnítear an litearthacht mar chleachtas sóisialta agus cultúrtha i gcomhthéacs soch-chultúrtha. Aithnítear freisin go bhfuil réimse scileanna i bhfad níos leithne ag teastáil le bheith liteartha sa 21ú aois ná réimse a aithnítear trí an dearcadh traidisiúnta – scileanna bunaithe ar an bhfocal scríofa amháin. Bíon tuiscint leathan ar cad is “téacs” ann leis an dearcadh nua seo. Tuigtear gur déantán ilmhódach é téacs – go bhfuil sé comhdhéanta de mhóid éagsúla (íomhá, glór, fuaim, ceol, téacs, leagan amach, srl.). Sa chomhthéacs seo déantar sainmhíniú ar shinéistéise mar phróiseas cruthaíoch ina ndéantar athléiriú ar an tuairim chéanna trí bheith ag aistriú ó mhód amháin go dtí móid eile. Maítear gur féidir leis an bpróiseas seo tacú le sealbhú agus le saibhriú teanga. Léireofear samplaí sa pháipéar seo den sinéistéise curtha i bhfeidhm i mbunscoileanna i gCatagóir A den Ghaeltacht. Mheasc na gasúir míreanna ó chartlann Raidió na Gaeltachta lena rogha íomhánna ag úsáid bogearra scéalaíochta. B’éigean dóibh sioncrónú cruinn a dhéanamh idir an bhfuaim agus na n-íomhánna ionas go ndéanfadh an t-iomlán ciall. Chuir sé seo iallach ar na gasúir éisteacht leis an bhfuaim ar bhonn leanúnach rud a mhéadaigh na deiseanna sealbhaithe agus saibhrithe dóibh. Chuidigh an téama (an ceantar áitiúil) lena suim a mhéadú san ábhar agus chuidigh an bonneagar teicniúil (a chinntigh go raibh an t-ábhar ar fáil sa mbaile) leis an tsuim a bhí ag a muintir san ábhar a mhéadú freisin.
    Original languageEnglish (Ireland)
    JournalLéann Teanga: An Reiviú
    Volume5
    DOIs
    Publication statusPublished - 2017

    Keywords

    • Teagasc Teangacha

    Cite this