Skip to main navigation Skip to search Skip to main content

Díospóireachtaí faoin nGaeilge in RTÉ sna 1960idí: Léargas ó chartlanna Chonradh na Gaeilge agus an Language Freedom Movement (LFM)

Research output: Contribution to a Journal (Peer & Non Peer)Articlepeer-review

Abstract

San aiste seo, déanfar anailís stairiúil ar ról na Gaeilge sa chraoltóir náisiúnta le linn na luathbhlianta sna 1960idí agus ar a thiomanta, nó a mhalairt, is a bhí Teilifís Éireann do sprioc na hathbheochana teanga. Bhí coimhlint le tabhairt faoi deara idir dualgais reachtúla Theilifís Éireann i leith na n-aidhmeanna náisiúnta (athbheochan na Gaeilge, mar shampla) agus ról an chraoltóra d’fhonn díospóireacht a mhúscailt agus a éascú ina gcíorfaí ceisteanna móra sóisialta na linne chomh maith le gnéithe eile den bheartas poiblí (Bowman 2011; Savage 2010). Tharla seo le linn thréimhse mhórathruithe na 1960idí nuair a bhí deireadh ag teacht go tréan le cinnteachtaí seanbhunaithe Éire de Valera agus nuair a bhí nua-aoisiú á dhéanamh ar luas mire ar shaol na hÉireann trí chéile (Ferriter 2007; Brown 2004; Garvin 2004).

Is iomaí iarmhairt a bhí ag meán na teilifíse ar an tsochaí ó na 1960idí i leith. Deir Bowman (2011: 227) gur oscailt súl agus aigne a bhí i ndán don phobal mar gheall ar theacht chun cinn na teilifíse óir pléadh téamaí, agus nochtadh eolas, ar an meán nua a bhíodh ceilte ar dhaoine roimhe sin. Sa chaoi sin, áitítear gur chuir an teilifís ardán ar fáil don iliomad grúpaí ina bhféadfaidís a bheith ag sáraíocht ar a chéile faoi cheisteanna achrannacha polaitíochta agus féiniúlachta na linne: ceist na Gaeilge, ról na heaglaise sa tsochaí, cúrsaí collaíochta agus frithghiniúna (Garvin 2004: 274). ‘Fóram náisiúnta’ ba ea an Late Late Show inar buaileadh allagar ar na díospóireachtaí iomadúla sin ar fad (Bowman 2011: 227). Is í an Ghaeilge mar mheán clár teilifíse agus mar ábhar díospóireachta ar an teilifís sna 1960idí a phléifear san aiste seo chomh maith leis an ról a bhí ag Gay Byrne maidir le díospóireachtaí faoin nGaeilge a chur i láthair, go háirithe ar an Late Late Show.

Aithnítear, i sochaí na nua-aoiseachta déanaí (Giddens 1991), an tábhacht a bhaineann le heolas agus an chaoi a ndéantar an t-eolas sin a bhainistiú agus a sheachadadh ar an bpobal. Ar an gcaoi sin, tuigeadh do ghluaiseacht na Gaeilge agus don LFM go bhféadfaí earraíocht a bhaint as meán na teilifíse d’fhonn soiscéal na hathbheochana a scaipeadh, trí bhíthin clár teilifíse i nGaeilge, nó chun dúshlán an tsoiscéil sin a thabhairt, ar chláir dhíospóireachta agus chúrsaí reatha. Toisc gur mhian le gluaiseacht na Gaeilge agus leis an LFM aidhmeanna difriúla a bhaint amach agus iad ag plé leis na meáin, bhí aighneas le tabhairt faoi deara idir iad agus Teilifís Éireann in imeacht na 1960idí. Spéisiúil go leor, mheas an dá ghrúpa nach bhfuair siad cothrom na Féinne ó RTÉ agus is ar an ngné sin den aighneas idé-eolaíochta a chaithfear solas san aiste seo trí fhoinsí cartlainne a thabhairt chun soiléire ó bhailiúcháin Chonradh na Gaeilge (G60) agus an LFM (G44). Is dhá bhailiúchán iad sin atá ar coimeád in Ollscoil na Gaillimhe.
Original languageIrish
Article number2
JournalComhar Taighde
Volume10
Publication statusPublished - 28 Nov 2024

Keywords

  • Language Freedom Movement
  • RTÉ
  • Conradh na Gaeilge
  • Late Late Show
  • beartas teanga an Stáit

Fingerprint

Dive into the research topics of 'Díospóireachtaí faoin nGaeilge in RTÉ sna 1960idí: Léargas ó chartlanna Chonradh na Gaeilge agus an Language Freedom Movement (LFM)'. Together they form a unique fingerprint.

Cite this