Abstract
Bunaíodh an nuachtán Anois sa bhliain 1984. Gael-Linn a bhunaigh agus mhair an foilseachán go dtí 1996. (Féach Scéal Ghael-Linn le Mairéad Ní Chinnéide le haghaidh cur síos cuimsitheach ar bhunú agus ar stair na heagraíochta sin.) San alt seo pléifear ábhar an nuachtáin agus déanfar cur síos ar na daoine a raibh baint acu leis, idir scríbhneoirí, eagarthóirí agus fhoilsitheoirí. Táblóideach a bhí ann – an chéad uair a chonacthas a leithéid i scéal iriseoireacht na Gaeilge – cuma shnasta air agus pictiúir dhaite agus grianghraif tharraingteacha ann, ach ar tharraing an páipéar aird na gcainteoirí Gaeilge ag an am agus cén glacadh a bhí leis an bpáipéar sna ceantair Ghaeltachta? Tháinig Anois i gcomharbacht ar Inniu agus Amárach, dhá nuachtán ar bhain stair fhada, shuimiúil leo, ach an comharba maith orthu a bhí in Anois? Agus cén tábhacht a bhaineann le Anois i stair na hiriseoireachta Gaeilge trí chéile?
| Original language | English (Ireland) |
|---|---|
| Journal | Léann Teanga: An Reiviú |
| Volume | 8 |
| DOIs | |
| Publication status | Published - 1 Apr 2020 |
Fingerprint
Dive into the research topics of 'Céad-Táblóideach na Gaeilge: Anois'. Together they form a unique fingerprint.Cite this
- APA
- Author
- BIBTEX
- Harvard
- Standard
- RIS
- Vancouver