Abstract
In 2011, sheol an Roinn Oideachais agus Scileanna Straitéis Litearthachta agus Uimhearthachta, stráitéis a bhfuil mar sprioc aici nach bhfágfaidh aon duine óg an scoil gan bheith ábalta léamh agus cumarsáid a dhéanamh ó bhéal (Ruairí Quinn, Aire na Roinne Oideachais agus Scileanna, 2011, nóta ón Aire, cló tiubh leis an údar)Aithnítear freisin sa Straitéis go bhfuil riachtanais fhoghlama ar leith ag foghlaimeoirí i scoileanna Gaeilge, sé sin na scoileanna ina ndéantar an teagasc trí mheán na Gaeilge, mar beidh na foghlaimeoirí seo ag forbairt a gcumais chun labhairt, léamh agus scríobh i nGaeilge agus i mBéarla freisin. (ibid., l.12)Luann an Straitéis freisin go leagann siollabas na Gaeilge béim ar fhorbairt chumas na scoláirí chun an teanga a labhairt (l. 59) i measc rudaí eile, agus luaitear go sonrach sa Stráitéis gur gá an siollabas agus an measúnú a chur in oiriúint ar bhealach atá cuí chun go forbrófar raon iomlán na scileanna litearthachta, bunaithe ar fhorbairt an chumais labhartha (l. 60)I dTuarascáil an Phríomhchigire, 2010-2012, (BÁC, 2013) luaitear go mba léir nach raibh na deiseanna do dhaltaí feidhmiú go neamhspleách nó go comhoibríoch #8232; scileanna foghlama ríthábhachtacha araon chomh feiceálach céanna sna seomraí ranga. (l. 78). Deritear an freisin go bhfuiltear ag súil go gcothófar cainteoirí muiníneacha Gaeilge (l. 86) mar thoradh ar an nuashonraíocht don Ghaeilge a thiocfaidh i bhfeidhm leis an Sraith Sóisearch Nua i 2015, agus anuas air sin, áitítear sa Tuarascáil gur chóir cur chuige réamhghníomhach a ghlacadh i gcur chun cinn na teanga agus thiocfadh uaidh seo go méadófaí féinmhuinín agus spéis in úsáid na teanga agus go mbeadh an ghnóthachtáil i gcoitinne níos fearr. (ibid. p88)
Original language | English (Ireland) |
---|---|
Title of host publication | Clare and Limerick Education Conference |
Publication status | Published - 1 Mar 2014 |
Authors (Note for portal: view the doc link for the full list of authors)
- Authors
- Sinéad Ní Ghuidhir