Skip to main navigation Skip to search Skip to main content

Ag Spreagadh an Athshondais Teanga i measc Gasúr Bunscoile i gCeantair láidre Ghaeltachta

    Research output: Contribution to a Journal (Peer & Non Peer) › Article › peer-review

    1 Downloads (Pure)

    Abstract

    Léiríonn an taighde is deireanaí go bhfuil aistriú na Gaeilge ó ghlúin go glúin ag briseadh síos de réir mar a athraíonn nósmharachtaí teanga sa nGaeltacht agus go bhfuil sé seo ag tarlú anois fiú sna ceantair Ghaeltachta is láidre. Tarraingíonn an taighde atá bhráid an pháipéir seo ar réimsí na litearthachtaí nua agus na n-eolaíochtaí foghlama agus léiríonn na luath-thorthaí gur féidir leas a bhaint as an teicneolaíocht le gasúir bunscoile (ranganna 3 – 6) sna ceantair seo a athcheangal le glórtha ón am atá thart trí iad a spreagadh le plé go domhain le míreanna saibhre ó chartlanna éagsúla (cartlann Raidió na Gaeltachta, ach go háirithe) agus le giotaí a bhailíonn siad sa mbaile. Spreag glórtha agus scéalta óna gceantar agus óna muintir féin na gasúir le déantáin ilmhódacha digiteacha a chruthú. Cruthaíodh bonneagar néalríomhaireachta le cuidiú leis na gasúir teacht níos éasca ar na hacmhainní teanga agus lena gcuid déantáin digiteacha sa seomra ranga agus sa mbaile. I measc na luaththorthaí dearfacha ón taighde seo, maítear gurb é an t-athshondas teanga an toradh is suntasaí ó thaobh cúrsaí teanga, áit a bhfuil gasúir ghníomhacha ag grinn-éisteacht le míreanna fuaime le híomhánna a roghnú a fheileann gach chuid den chaint ionas go mbeidh siad in ann déantán digiteach a chruthú le roinnt lena muintir agus leis an bpobal. De bharr na géarchéime ina bhfuil an teanga sa nGaeltacht, tugadh faoin taighde ag úsáid modheolaíocht taighde dearadh-bhunaithe le súil le go dtiocfadh torthaí praiticiúla agus samhail oideolaíochta inaistrithe amach as.
    Original languageEnglish (Ireland)
    JournalLéann Teanga: An Reiviú
    Volume3
    DOIs
    Publication statusPublished - 2015

    Keywords

    • Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

    Fingerprint

    Dive into the research topics of 'Ag Spreagadh an Athshondais Teanga i measc Gasúr Bunscoile i gCeantair láidre Ghaeltachta'. Together they form a unique fingerprint.

    Cite this