Skip to main navigation Skip to search Skip to main content

Ag foghlaim Gaeilge i mbunscoileanna T2: taithí agus tuairimí na bpáistí

  • Fiona Nic Fhionnlaoich

Research output: Contribution to a Journal (Peer & Non Peer)Articlepeer-review

1 Downloads (Pure)

Abstract

Díríonn an páipéar seo ar thaithí páistí i mbunscoileanna T2 ar fhoghlaim na Gaeilge. Go dtí seo tá guth na bpáistí in easnamh ón taighde agus ón bplé faoi mhúineadh agus faoi fhoghlaim na Gaeilge agus dhírigh an staidéar seo ar an mbearna seo. Is scoileanna T2 iad 92% de na bunscoileanna (Roinn Oideachais & Scileanna, ROS, 2019a) agus múineann an múinteoir ranga an Ghaeilge mar ábhar go laethúil i ranganna na naíonán sóisearach (5 bliana d’aois) go rang a sé (12 bhliain d’aois). Sa tuairisc An Ghaeilge sa Bhunscoil (Cigireacht/ROS, 2007: 41), inar díríodh ar mhúineadh agus ar fhoghlaim na Gaeilge i scoileanna T2, dúradh go raibh múineadh na Gaeilge ‘lag’ nó ‘le forbairt’ i leath de na seomraí ranga, agus is 32% de na ceachtanna nár múineadh trí Ghaeilge. Nuair a bhí an mhúinteoireacht ‘lag’, bhí an bhéim ar théacsleabhair agus ar an múinteoir amháin ag caint agus ní raibh fianaise ann go raibh na páistí gafa leis nó ag baint taitneamh as an nGaeilge. Sna tuairiscí is déanaí ón gCigireacht, bhí fadhbanna le caighdeán foghlama na bpáistí in aon cheathrú de cheachtanna Gaeilge, agus bhí na torthaí a bhain leis an nGaeilge níos diúltaí ná mata nó Béarla (Cigireacht/ROS, 2013; 2018, 2022). Bhain an t-eolas seo le scoileanna T1 agus T2 agus níor cuireadh miondealú ar fáil.
Original languageIrish
JournalAn Reiviú
DOIs
Publication statusPublished - 1 Jan 2022
Externally publishedYes

Cite this