Abstract
Fiche bliain ó shin, mhol Coimisiún na Gaeltachta go gcuirfí
athrú ó bhonn ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta ionas
go ndíreodh an eagraíocht feasta ar thionscadail a bhaineann
leis an nGaeilge seachas ar chruthú fostaíochta bunaithe ar
fhorbairt thionsclaíoch (Coimisiún na Gaeltachta, 2002: 16).
Sa pháipéar seo, cuirim romham scagadh a dhéanamh ar an
gcaidreamh teannasach idir gné na teanga agus gné na
forbartha ó bunaíodh an tÚdarás in 1980, i gcomhthéacs na
gclaochluithe eacnamaíochta, sóisialta agus teanga atá imithe
ar na nGaeltacht sa tréimhse sin.
| Original language | English (Ireland) |
|---|---|
| Title of host publication | Forbairt eacnamaíochta agus pobail sa Ghaeltacht: léargais ar Údarás na Gaeltachta, 1980-2020 |
| Publisher | Cló Iar-Chonnacht |
| Publication status | Published - 1 Dec 2023 |
Authors (Note for portal: view the doc link for the full list of authors)
- Authors
- Walsh, J.