Skip to main navigation Skip to search Skip to main content

CARTLANN: Gníomhaíochas, an Ghaeilge agus na Meáin

  • Rowland, H. (Conference Organising Committee Chairperson)
  • Colm Mac Gearailt (Conference Organising Committee Chairperson)

Activity: Participating in or organising an event › Organising a conference, workshop, ...

Description

Is comhthionscadal é CARTLANN idir Ollscoil na Gaillimhe agus Ollscoil Uladh atá á mhaoiniú ag an Údarás um Ard-Oideachas faoin gClár Taighde Thuaidh-Theas. Ag tarraingt ar thaifid chartlainne fhairsinge ar an dá thaobh den teorainn, díríonn CARTLANN ar ról lárnach na meán in obair Chonradh na Gaeilge, mar ardán chun eolas a scaipeadh agus mar ábhar feachtasaíochta. Is é príomhfhoinse an tionscadail bailiúchán cartlainne Chonradh na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe ina bhfuil breis agus 600 bosca taifead agus atá ar an gcartlann Ghaeilge is mó a tháinig i seilbh na hollscoile riamh. Reáchtáladh comhdháil faoi théama an tionscadail in Ollscoil na Gaillimhe ar 12-13 Aibreán, 2024.
Period13 Apr 2024
Event typeConference
LocationGaillimh, IrelandShow on map